Home 🎬 Bollywood 🎵 Pakistani 🎤 English Pop

Is Trua Nach Bhfuil Mé in Éirinn

👤 The Bothy Band 🎼 The Bothy Band 1975: The First Album ⏱️ 4:17
🎵 1367 characters
⏱️ 4:17 duration
🆔 ID: 10460118

📜 Lyrics

Is trua nach bhfuil mé in Érinn
San áit a tógadh mé i dtús mo shaoil
Ná faoi bhruach na binne móire
Ná ag an Éirne lena taobh

Sin an áit a bhfaighinn an t-aos óg ann
A thógfadh an brón seo 's an tuirse díom
'S da mbeinn bliain eile arís ní b'óige
Go mbeinn a dhul leofa arís

Bliain mhór agus an t-am seo
Bhí mé mo chónaí i gCnoc a' Sciobóil
Bhí mo theach mór á dhéanamh
Ag saorthaí istigh i gCorcaigh

Bhí mo cheann ar bharr píce
Le gaoth mhór agus le fearthainn
Má tá roinnt agam d'Mháire an Phéarla
M'anam gléigeal nach d'téann 'na bhflaitheas

Cheannóchainnse garradh
Dá n-éireochadh liom
Chuirfinn mustard breá ard ann
Agus bláth bán ar a' chrann

Chuirfinn síol coirce, síol eorna
Síol a ndéantar dean lionn
'S gurb é síol eorna na gcártaí
A d'fhág an mála ar mo dhroim

Mar a éiríos an ghealach
Ná mar 'luíos an ghrian
'S mar 'théid an lán mara
Fá na cuantaí seo siar

B'fhearr liom mo luí i bhfiabhras
Ná bheith i bpiantaí móra báis
Ná boltaí i bheith in mo dhéinchorp
Is iad á bhfáscadh go cruaidh

A dheartháir, a Ri na Páirte
Tabhair mo chás leat uilig 'na bhaile
Mo stocaí agus mo bhróga
'S mo chlócaí atá dubh daite

Tabhair scéala ionsair mo mháithrín
'Tá faoi dhólás anois sa bhaile
Go bhfuil rópa cruaidh cnáibe
'Goil in áit mo charbhata

From songsinirish.com

⏱️ Synced Lyrics

[00:06.62] Is trua nach bhfuil mé in Érinn
[00:10.92] San áit a tógadh mé i dtús mo shaoil
[00:16.18] Ná faoi bhruach na binne móire
[00:20.37] Ná ag an Éirne lena taobh
[00:25.54] Sin an áit a bhfaighinn an t-aos óg ann
[00:29.66] A thógfadh an brón seo 's an tuirse díom
[00:34.95] 'S da mbeinn bliain eile arís ní b'óige
[00:40.25] Go mbeinn a dhul leofa arís
[00:46.90] Bliain mhór agus an t-am seo
[00:50.96] Bhí mé mo chónaí i gCnoc a' Sciobóil
[00:55.61] Bhí mo theach mór á dhéanamh
[00:59.77] Ag saorthaí istigh i gCorcaigh
[01:05.93] Bhí mo cheann ar bharr píce
[01:10.98] Le gaoth mhór agus le fearthainn
[01:15.91] Má tá roinnt agam d'Mháire an Phéarla
[01:20.45] M'anam gléigeal nach d'téann 'na bhflaitheas
[01:27.82] Cheannóchainnse garradh
[01:32.31] Dá n-éireochadh liom
[01:36.86] Chuirfinn mustard breá ard ann
[01:42.06] Agus bláth bán ar a' chrann
[01:46.95] Chuirfinn síol coirce, síol eorna
[01:51.41] Síol a ndéantar dean lionn
[01:56.87] 'S gurb é síol eorna na gcártaí
[02:01.92] A d'fhág an mála ar mo dhroim
[02:09.69] Mar a éiríos an ghealach
[02:14.63] Ná mar 'luíos an ghrian
[02:19.22] 'S mar 'théid an lán mara
[02:24.37] Fá na cuantaí seo siar
[02:29.69] B'fhearr liom mo luí i bhfiabhras
[02:35.50] Ná bheith i bpiantaí móra báis
[02:38.81] Ná boltaí i bheith in mo dhéinchorp
[02:44.02] Is iad á bhfáscadh go cruaidh
[02:50.72] A dheartháir, a Ri na Páirte
[02:54.90] Tabhair mo chás leat uilig 'na bhaile
[02:59.49] Mo stocaí agus mo bhróga
[03:04.96] 'S mo chlócaí atá dubh daite
[03:09.76] Tabhair scéala ionsair mo mháithrín
[03:14.64] 'Tá faoi dhólás anois sa bhaile
[03:19.21] Go bhfuil rópa cruaidh cnáibe
[03:24.67] 'Goil in áit mo charbhata
[03:42.31] From songsinirish.com
[04:13.52]

⭐ Rate These Lyrics

Average: 0.0/5 • 0 ratings