Home 🎬 Bollywood 🎵 Pakistani 🎤 English Pop

Éirigh Suas a Stróirin

👤 Clannad 🎼 The Celtic Voice ⏱️ 5:16
🎵 1153 characters
⏱️ 5:16 duration
🆔 ID: 132980

📜 Lyrics

Éirigh suas a Stóirín mura bhfuil tú ' do shuí
Foscail a' doras agus lig mise 'un tí
Tá buidéal im aice ' bhéarfas deoch do mhnaoi an tí
Is tá súil 'gam nach ndiúltaíonn tú mé fá do 'níon
Nuair a éirím amach ar maidin agus dearcaim uaim siar
Is dearcaim ar a' bhaile úd a bhfuil agam le ghabháil ann

Titeann na deora 'na sroite liom síos
Agus nímse míle osna atá cosúil le cumhaidh
I ngleanntáin na coille uaigní is lag brónach a bhím
Ó Dhomhnach go Domhnach is mé ag caitheamh mo shaoil
Is mé ag féachaint gach tráthnóna cé a shiúlfadh an ród nó cé
' Thiocfadh 'un tí

Is gan duine ar an domhan mór a thiocfadh is ' thógfadh mo chroí

A Mhalaí a chéadsearc ná tréig thusa mé go brách
Nach bhfuil mé ' do dhiaidh gach aon lá fá mhalaí na n-ard
Is tú cruithneacht ar mhná é ireann, is tú an péarla 'tá doiligh ' fháil
Is dar mionna mo bhéil ní bréag é go bhfuil mé leatsa i ngrá
Éirigh suas a Stóirín mura bhfuil tú ' do shuí
Foscail a' doras agus lig mise 'un tí
Tá buidéal im aice ' bhéarfas deoch do mhnaoi an tí
Is tá súil 'gam nach ndiúltaíonn tú mé fá do 'níon

⭐ Rate These Lyrics

Average: 0.0/5 • 0 ratings